Irish Language

Ag freastal ar earnáil an tumoideachais le 26 bliain

Tá áiseanna Gaeilge den chéad ghrád á gcur ar fáil ag an Áisaonad i gColáiste Mhuire i mBéal Feirste

Colm Mac Aindreasa, Aingeal Nic an tSábhaisigh, Ciarán Ó Dornáin, Gabhán Ó Dochartaigh, Ciarán Ó Pronntaigh, foireann An Áisaonad, an foilsitheoir leabhar do Ghaelscoileanna fud fad na tire
Colm Mac Aindreasa, Aingeal Nic an tSábhaisigh, Ciarán Ó Dornáin, Gabhán Ó Dochartaigh agus Ciarán Ó Pronntaigh, foireann An Áisaonad, an foilsitheoir leabhar do Ghaelscoileanna fud fad na tire

Duine ar bith a chuaigh fríd an chóras Gaelscolaíochta sna laethanta luatha, idir mhúinteoirí agus dhaltaí, beidh cuimhne acu ar na leabhair bheaga fotacóipeáilte arbh éigean úsáid a bhaint astu.

Scéalta eachtraíochta, cnuasaigh amhrán, leabhair mhata, iad uilig curtha le chéile le samhlaíocht, le grá agus le Xerox téagartha.

Ach le fás na Gaelscolaíochta, b’éigean dul i ngleic leis an easpa áiseanna san oideachas lánGhaeilge.

An freagair a dtángthas air – an tÁisaonad atá, lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire mar a dtéann múinteoirí faoi oiliúint san earnáil lánGhaeilge.

“Roimhe sin, bhí aonad ar obair i mBunscoil Phobail Feriste, an chéad Ghaelscoil i mBéal Feirste agus an tráth sin, bhíodh múínteoirí ag fotocópáil agus ag cruthú a gcuid áiseanna féin, dubh agus bán, lámhscríofa,” a mhínigh Ciarán Ó Prontaigh, bainisteoir an Áisaonaid.

Go malltrialach, d’aithin roinn an oideachais go raibh dualgas de chineál éigin orthu agus cuireadh An tÁisaonad lánGhaeilge ar bun sa Choláiste ach le teacht Chomaontú Aoine an Chéasta fágadh áiseanna Ghaeilge ar dhualgais Fhoras na Gaeilge nuabhunaithe agus is ón Fhoras a fhaigheann an tÁisaonad a mhaoiniú.

Is é an sprioc atá ag foireann an aonaid ná áiseanna do scoileanna lánGhaeilge a bheith ar chomhchéim lena macasamhla i mBéarla.

“Tá saol an Bhéarla thart timpeall ar achan duine ach sa tumoideachas, caitheann muid atmaisféar agus timpeallacht nach gcluineann na páistí ach Gaeilge iontu sa dóigh is go dtógann siad a gcumas féin sa teanga,” arsa Ciarán.

“Is gá go mbeadh áiseanna fóirsteanacha ann ó thaobh leibhéal teanga ar fáil, mar bíonn an leibhéal teanga níos ísle ná leibhéal an Bhéarla nuar a thosaíonn páistí ar Ghaelscoil - an stór focal agus mar sin de.

“Tógann sé féinmhuinín an pháiste nuair atá leagan amach maith i leabhair, nuair a athuigeann siad an stór focal atá sna leabhair, nuair atá pictiúirí daite iontu agus sin an cinéal áisteanna a chruthaionn muid anseo san Áisaonad.

“Caitear airgead agus am agus dúthracht ar na hearraí seo a chur le chéile agus ansin díolann muid iad le scoileanna fud fad na tíre,” a mhíníonn Ciarán.

Deir sé fosta go bhfuil sé tábhachtach gur eascair an tÁisaonad as pobal na Gaeilge sular cuireadh ar bun é ar bhonn oifigiúil ag ligeann a stadas úr i bhfad níos mó a chur i gcrích.

“Caitheann muid a lán ama ag fáil amach cad é na riachtanais atá ag na scoileanna,” arsa Ciará.

Labhraíonn muid le múínteoirí aonair agus bíón fócasghrúpaí againn, bíonn deiseanna ag múínteoirí agus ag príomhoidídul i dteagmhail liom.

“Le linn na mblianta, líon muid cuid de na bearnaí ó thaobh bunriachtanais áirithe ach tá go leor le déanamh go fóill aagus tá muid ag tabhairt aghaidh air sin ar dhóigh fhoráasach

“Mar shampla, ní fiú toiseacht le leabhar atá líon lán focal atá deacair gan smaointiú ar an dóigh a dtiocfadh le páistí dul chuig an leibhéal sin agus sin an fáth go bhfuil na nascanna le múinteoirí chomh tábhachtach sin.

“Bíonn a fhios acu óna gcuid oibre sa seomra ranga ar bhonn laethúil cad é an cineál áise a bheadh úsáideach acu agus éisteann muid leo, cuireann muid na smaointe atá acu i bhfriotal, dréachtaíonn muid iad, cuireann muid gach rud le chéile bíonn muid i dteagmháil le foilsitheoirí nó, níos mó agus níos mó, déanann muid an leagan amach agus an dearadh muid féin, i gcuideachta le healaíontóirí nó le huirlisí ríomhchuidithe agus mar sin de.

“Ansin, cuirtear na háiseanna amach ar thriail chuig an scoileanna agus tagann na cleachtóirí, na múinteoirí, ar ais lena gcuid moltaí agus bunaithe ar an aiseolas sin, cuireann muid an rud i gcló,” arsa Ciarán.

Anuas air seo uilig, cuireann an tÁisaonad oiliúint ar fáil do chleacthóirí maidir le cúrsaí curaclaim nó maidir le húsáid na n-áiseanna iad féin mar bíonn múinteoirí úra ag teacht chun inn an t-am ar fad agus is éigean riar orthu. Tarlaíonn sé seo taobh istigh de Coláiste Mhuire agus taobh amuigh.

De réir a chéile, tá An tAisaonad ag cur níos mó ábhair ar líne mar tábuntaistí ag baint leis sin – tá sé níos saoire, is féidir cur leis nó baint de agus is féidir é a chur in oiriúint d’aosghrupaí áirithe nó do chanúintí difriúla, mar shampla.

Sa réimse seo, tá tábhacht ar leith leis an chlár EdIS, clár a chuireann “teicneolaíochtaí nua ar fáil chun tacú le scoileanna.” Is comharba C2K é.

I scoileanna Béarla, bíonn ar dhaltaí liostaí focal a fhoghlaim de ghlamheabhair ach le háiseanna nua-aimseartha, an Áisaonaid, súann na daltaí na focail agus na frásaí isteach go héasca.

Is chun freastal go príomha ar an chóras tumoideachais. earnáil atá ag fás i rith an ama, atá An tÁisaonad ag feidhmú ach aithníonn siad agus aithníonn Foras na Gaeilge go bhfuil níos mó de dhith le freastal ceart a dhéanamh ar an riachtanais.

Molann Ciarán an comhoibriú le COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta)mar dhíoltar leabhar An Áisaonaid ó dheas agus ó thuaidh.

Phléigh mé féin agus Ciarán cuid mhór ábhar eile, ó athruithe sa churaclaim – tá corradh le 29 n-ábhar á dteagasc i scoileanna – oscailt scoileanna úra, ach ar deireadh, chuir mé ceist air, cad é an leabhar ba mhó a thaitin leis, ceist dheacair mar tá 450 leabhar i gcatalóg An Áisaonaid.

“Na leabhari is mó a thaitníonn leis an fhoireann anseo ná leabhair mhóra a bhfuil pictiúir ghleote iontu agus ceol ag dul leis,” ar se, ag gaire.

Tá bóthar fada siúlta ag an tsoláthar chuí do Ghaelscoileanna